TREOIR MAIDIR LE BIúRó NA STAIRE MíLEATA

Biúró na Staire Míleata, 1913-1921.

Is é tá i mBailiúchán Bhiúró na Staire Míleata, 1913-1921 (BSM) bailiúchán 1,773 ráiteas ó fhinnéithe; 334 cnuasach de cháipéisí de chuid na linne sin; 42 cnuasach grianghraf agus 12 taifead fuaime ar chaint a bhailigh an Stát idir na blianta 1947 agus 1957, d'fhonn ábhar ó fhoinsí bunúsacha a sholáthar maidir le ré na réabhlóide in éirinn idir na blianta 1913 agus 1921. Ba é cúram a leagadh go hoifigiúil ar an mBiúró ábhar a thiomsú agus a chur in ord a bheadh ina bhunábhar maidir le stair ghluaiseacht na Saoirse, ó cuireadh óglaigh na héireann ar bun ar an 25 Samhain 1913 go dtí an 11 Iúil 1921, a chur i dtoll a chéile (de réir thuarascáil an Stiúrthóra, 1957).

Tá an Biúró, chomh maith leis an mbailiúchán mór eile atá sa Chartlann Mhíleata a bhaineann le ré na réabhlóide ón mbliain 1913 ar aghaidh, Bailiúchán na bPinsean Seirbhíse Míleata, ar cheann de na bunfhoinsí eolais is tábhachtaí mar gheall ar an tréimhse seo in aon áit ar fud an domhain.

Coinníodh saothar an Bhiúró i dtaisce i Roinn an Taoisigh ar feadh cúig bhliana is dhá fhichead ó breacadh an ráiteas deireanach. Socraíodh sa bhliain 2001 an bailiúchán a aistriú go dtí an Chartlann Mhíleata agus é a ullmhú le foilsiú go poiblí. D'ullmhaigh meitheal cartlannaíochta agus foireann cúnta, faoi stiúir an Cheannfoirt Victor Laing (Oifigeach i gCeannas ar an gCartlann Mhíleata tráth), an bailiúchán a seoladh i mí Márta 2003. ó tharla go raibh an dara cóip de na ráitis ullmhaithe ag an mBiúró féin ó thús, aistríodh cnuasach na gcóipeanna sin go dtí an Chartlann Náisiúnta, ionas gur fearr an teacht a bheadh ag an bpobal air. Tugann an láithreán gréasáin seo deis den chéad uair riamh ar ábhar an Bhiúró do dhaoine ar fud an domhain ar an idirlíon. Sleachta a baineadh amach as bailiúchán BSM

Bhí oifigigh airm agus státseirbhísigh ar fhoireann an Bhiúró, chomh maith le hoifigigh agallaimh a thaistil ar fud na héireann ag cur agallaimh ar dhaoine ó thréimhse na réabhlóide a bhí beo i gcónaí. Bhí Coiste Comhairle, arna cheapadh ag an rialtas, ar a raibh Risteárd de Hae, Robert Dudley Edwards, G. A. Hayes McCoy agus Theodore W. Moody i measc comhaltaí eile, ag cuidiú leis an mBiúró. Líonadh an t-oifigeach agallaimh bileog meastóireachta isteach faoi gach duine a cuireadh faoi agallamh. Tá bileoga sin na n-oifigeach agallaimh, a ndearnadh a dtógáil de leataobh ar dtús ó ábhar an Bhiúró faoi féir an Achta um Chartlann Náisiúnta, 1986 d'fhoilsiú na bliana 2003, ar fáil anois i bhformáid páipéir sa Chartlann Náisiúnta. Rinneadh líon bheag sleachta (timpeall is díol trí leathanach as 36,000 leathanach de na ráitis) a bhaint amach chomh maith sa bhliain 2003, faoi réir an Achta um Chartlann Náisiúnta, 1986, d'fhonn aon anró nár ghá a sheachaint ar dhaoine a dtarlódh iad slán go fóill sa bhliain 2003. Mar gheall ar imeacht aimsire ó shin, tá a mbaint sin amach faoi athbhreithniú anois agus déanfar aon ábhar atá le foilsiú don phobal a chur ar fáil ar an láithreán gréasáin seo. Tugtar faoi deara chomh maith go bhfuil comhaid 'S' an Bhiúró, comhaid oibre inmheánacha BSM, ar fáil maidir le hobair thaighde sa Chartlann Mhíleata freisin.

Biúró na Staire Míleata agus Cogadh na gCarad

Cé gur éirigh leis an mBiúró ábhar leitheadach bunfhoinsí eolais, lena mbaineann éagsúlacht mhór, maidir le ré na réabhlóide a thiomsú, agus tábhacht idirnáisiúnta leis an mbailiúchán sin, níor éirigh leis comhoibriú a fháil ó chuid mhór dá raibh gníomhach i rith na tréimhse 1913-1921 agus a dhiúltaigh ina dhiaidh sin de Chonradh Angla-éireannach mhí na Nollag 1921, a bhfacthas do roinnt mhaith acu gur bheartaíocht 'Saorstáit' a bhí i gceist leis. Níl, dá bharr sin, ráitis mhionsonraithe i mbailiúchán BSM ó dhaoine iomráiteacha de leithéid Tom Barry a bhí in aghaidh an Chonartha. Ar thaobh an Stáit chomh maith, bhí drogall ráitis agus buntaifid a lorg ó fhinnéithe i ndáil leis an gCogadh Cathartha 1922/23, mar gheall ar chúrsaí polaitíochta mar a bhí in éirinn i rith na 1940idí/50idí, suas le 20-30 bliain tar éis dá raibh i gceist ag BSM tarlú. Ina ainneoin sin, tá trácht i gcuid d'ábhar bhailiúchán BSM ar ghnéithe de Chogadh na gCarad, ós iomaí finné a chuir eolas faoi bhráid a bhain le tráth níos faide anall ná an bhliain 1921.

Sraith Grianghraf an Bhiúró (BSM G)

Tá isteach is amach le 400 grianghraf a cuireadh faoi bhráid an Bhiúró sa tsraith seo, cuid mhór acu ar léir ar an gcéad fhéachaint orthu gur íomhánna sainiúla de chuid na linne iad. Tá roinnt áirithe grianghraf sa Bhiúró nach íomhánna comhaimseartha iad, mar shampla na grianghraif ón aer de shuíomhanna éirí Amach na bliana 1916 a thóg an tAerchór tráth níos faide anall. Luaitear cur síos bunúsach maidir le 'grúpaí' grianghraf ó dhaoine áirithe san innéacs a bhí ag an mBiúró leis na grianghraif ar dtús.

Is féidir cuardach a dhéanamh ar fud shraith grianghraf an Bhiúró trí ábhar an chuardaigh a chur sa bhosca thíos. Tá treoir bhunúsach faoi bhealaí chun cuardach a dhéanamh go héifeachtach ar fáil ach breathnú ar comhairle maidir le cuardach éifeachtach.

Sraith Cáipéisí Comhaimseartha Bhiúró na Staire Míleata (BSM CC)

Is é atá sa tsraith seo 2,500 cáipéis a cuireadh ar fáil don Bhiúró, cuid mhór acu ar soiléir gur cáipéisí sainiúla de chuid na linne iad. Ba mhinic na cáipéisí á dtabhairt isteach in éineacht le ráiteas finné a thug lucht a mbronnta agus is díol spéise an léargas atá iontu ar ghnéithe éagsúla de ré na réabhlóide. Tá litreacha, meamraim, foilseacháin ar annamh cóip díobh a aimsiú anois, paimfléid, ábhar propaganda, lámhleabhair druileála, póstaeir agus, fiú amháin, airgead de chuid na linne ag baint leis an tsraith seo.

Bhí dhá innéacs ag gabháil le bailiúchán cáipéisí comhaimseartha an Bhiúró ar dtús: ceann ina dtugtar cur síos bunúsach ar ar thug gach duine a bhronn cáipéisí, ar mhaithe le tagairt a dhéanamh go réidh dó; agus innéacs níos toirtiúla ina dtugtar cur síos níos mionsonraithe ar gach cáipéis.

Is féidir treoir iomlán i bhformáid PDF, faoi mar a cuireadh le chéile nuair a seoladh BSM ar dtús sa bhliain, a tharraingt anuas as seo

Frank Thornton, Intelligence Headquarters, Ancient Concert Rooms, Dublin, 11 July 1921.
Military Archives National Archives